Gao Xingjian
Scríbhneoir, drámadóir, ''metteur en scène'' agus ealaíontóir Francach a rugadh sa tSín sa bhliain 1940 is ea Gao Xingjian (Sínis: ''高行健''; Pinyin: ''Gāo Xíngjiàn''). Do rugadh Gao ar an 4ú lá d'Eanáir i Ganzhou (Sinís: ''赣州''; Pinyin: ''Gànzhōu'') na Síne ach do fuair sé saoránacht Fhrancach sa bhliain 1998.Is iad ''灵山'' (Pinyin: ''língshān''; Gaeilge: 'Sliabh anama') agus ''一个人的圣经'' (Sínis thraidisiúnta: ''一個人的聖經''; Pinyin : ''Yī gè rén de Shèngjīng''; Gaeilge: 'Bíobla d'fhear amháin') ar chinn desna sárshaothraibh a scríobh Gao. Bronnadh Duais Nobel na Litríochta air sa bhliain 2000. Curtha ar fáil ag Wikipedia
1