Eleanor Roosevelt
Polaiteoir, taidhleoir agus gníomhaí sóisialta Meiriceánach ab ea Anna Eleanor Roosevelt (11 Deireadh Fómhair 1884 – 7 Samhain 1962). Céad-Bhean na Stát Aontaithe a bhí inti ó Márta 1933 go hAibreán 1945, níos faide ná aon Chéad-Bhean eile i stair Mheiriceá. "Céad-Bhean an Domhain" a bhaist an t-uachtarán Harry S. Truman uirthi as ucht a saothar ar son cearta daonna. Rugadh agus cailleadh í i gCathair Nua-Eabhrac.Ba de mhuintir Roosevelt agus Livingston í. Sa bhliain 1905 phós sí Franklin Delano Roosevelt, duine a raibh gaol i bhfad amach aici leis. Rugadh seisear páistí dóibh. Neacht le Theodore Roosevelt, 26ú huachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, ab ea Eleanor freisin.
I ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda agus Truman ina uachtarán ar na Stáit Aontaithe, bhí páirt shuntasach aici i gcruthú na Náisiún Aontaithe (NA). Bhí sí sa chathaoir ar an gcoimisiún a dhreacht an Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine. Curtha ar fáil ag Wikipedia
1
2
Údair Eile:
“...Roosevelt, Eleanor...”
Leabhar