George Moore (úrscéalaí)
Scríbhneoir Éireannach ab ea George Augustus Moore (24 Feabhra 1852 – 21 Eanáir 1933). Úrscéalaí nádúraíoch a bhí ann, chomh maith le húdar gearrscéalta, cuimhní cinn, filíochta agus léirmheastóireacht ealaíne. Caitlicigh den mhóruaisle talún a mhuintir, agus cónaí orthu in Moore Hall i gCeara, Contae Mhaigh Eo. I dtús báire, ba mhaith leis bheith ina ealaíontóir, agus mar sin rinne sé staidéar i bPáras le linn na 1870idí. D'éirigh sé mór le roinnt healaíontóirí agus scríbhneoirí a bhí mór le rá sa Fhrainc ag an am úd. mion|Moore Hall inniu. Dódh sa bhliain 1923 é le linn na dTrioblóidí Curtha ar fáil ag Wikipedia
1