George Monbiot

Iriseoir, údar, agus gníomhaí comhshaoil agus polaitiúil Sasanach is ea George Joshua Richard Monbiot (rugadh é 27 Eanáir 1963). Scríobhann sé colún rialta do The Guardian agus tá roinnt leabhar scríofa aige.

D'fhás Monbiot aníos in Oxfordshire agus rinne sé staidéar ar an zó-eolaíocht in Ollscoil Oxford. Chuir sé tús ansin le gairm san iriseoireacht imscrúdaitheach, agus d'fhoilsigh sé a chéad leabhar Poisoned Arrows i 1989 faoi cheisteanna chearta an duine i bPapua Thiar. Sna blianta ina dhiaidh sin, bhí baint aige le gníomhaíochas agus abhcóideacht a bhain le ceisteanna éagsúla, mar shampla athrú aeráide, polaitíocht na Breataine agus uaigneas. In Feral (2013), phléigh sé agus thacaigh sé le leathnú an athdhúlraithe. Is é bunaitheoir The Land is Ours é, feachtas ar son ceart rochtana ar an tuath agus a chuid acmhainní sa Ríocht Aontaithe. Bronnadh an Global 500 ar Monbiot i 1995 agus Duais Orwell i 2022. Curtha ar fáil ag Wikipedia
Εμφανίζονται 1 - 1 Αποτελέσματα από 1 για την αναζήτηση 'Monbiot, George 1963-', am an iarratais: 0,01δλ Περιορισμός αποτελεσμάτων
1
le Monbiot, George 1963-
Foilsithe 2005
Údair Eile: ...Monbiot, George 1963-...
Leabhar