Robert Mallet

Innealtóir, ábhareolaí is seismeolaí a rugadh i mBaile Átha Cliath ab ea Robert Mallet (6 Meitheamh 18105 Samhain 1881). Bhí ceártaí iarainn aige agus sholáthair sé earraí iarainn do na hiarnróid, i gcomhair droichead agus an chogaidh sa Chrimé. Leag sé béim ar thomhas airíonna na gcóimhiotal agus staidéar ar bhriseadh na n-ábhar seo. Rinne sé taighde ceannródaíoch turgnamhach ar sheismeolaíocht. Thomhais sé luas forleata na dtonnta ar thrá Chill Iníon Léinín tar éis pléascthaí a dhéanamh ar an dromchla. Lena mhac John, thiomsaigh sé catalóg is léarscáileanna de na creathanna talún ar fud an Domhain (1850-1858). I 1858 d'aimsigh sé eipealár crith talún i Napoli na hIodáile, an chéad uair ar éirigh le héinne é sin a dhéanamh. Curtha ar fáil ag Wikipedia
Εμφανίζονται 1 - 1 Αποτελέσματα από 1 για την αναζήτηση 'Mallet, Robert, 1915-2002', am an iarratais: 0,01δλ Περιορισμός αποτελεσμάτων
1
le Mallet, Robert, 1915-2002
Foilsithe 1986
Údair Eile: ...Mallet, Robert, 1915-2002...
Leabhar