Thor Heyerdahl
Antraipeolaí a rugadh i Larvik na hIorua ab ea Thor Heyerdahl (6 Deireadh Fómhair 1914 – 18 Aibreán 2002). Sa bhliain 1947 sheol sé rafta balsa, ''Kon-Tiki'', trasna an Aigéin Chiúin ó Pheiriú go hoileánra Thuamatú chun taispeáint gurbh fhéidir le hIndiaigh Pheiriú taisteal go dtí an Pholainéis agus cur fúthu ansin — ach níl aon fhianaise go ndearna siad amhlaidh. I 1970 sheol sé bád paipíre, ''Ra II'', ó Mharacó go dtí na hIndiacha Thiar. I 1977-1978 rinne sé an t-aistear ón Iaráic go Djibouti ar bhád giolcach, ''Tigris''. Curtha ar fáil ag Wikipedia
1