Godfrey Harold Hardy
Matamaiticeoir a rugadh i gCranleigh Shasana ab ea Godfrey Harold Hardy (7 Feabhra 1877-1 Nollaig 1947). Rinne sé taighde bunúsach le John Littlewood (1885-1977) ar uimhirtheoiric anailíseach. Shaothraigh sé dlí Hardy-Weinberg ar ghéinitic pobail, le Wilhelm Weinberg (1862-1937) ach neamhspleách air. D'fhoilsigh sé leabhar ar a chur chuige fealsúnach, ''A Mathematician's Apology'' (Leithscéal Matamaiticeora, 1940). Ar na mic léinn ollscoile a rinne sé meantóireacht orthu bhí an matamaiticeoir Indiach Srinivasa Ramanujan. Curtha ar fáil ag Wikipedia
1