Gabriele Haefs
Údar Gearmánach agus aistritheoir saothar liteartha is ea Gabriele Haefs (rugadh 27 Lúnasa 1953). Tá Gaeilge aici agus roghnaíodh í chun ''Cré na Cille'', an saothar is iomráití ó lámh Mháirtín Uí Chadhain, a aistriú go Gearmáinis.Rinne sí staidéar ar eitneolaíocht, ar theangeolaíocht, ar léann Ceilteach agus ar léann Lochlannach in ollscoileanna in Bonn agus in Hamburg. I 1982 bhain sí céim amach in Ollscoil Hamburg de bharr tráchtais ar an mbéaloideas.
Ó shin i leith tá aistriúcháin á ndéanamh aici ó Ioruais, ó Dhanmhairgis, ó Shualainnis, ó Bhéarla, ó Ollainnis agus ó Ghaeilge. Tá roinnt leabhar scríofa nó curtha in eagar aici i dtaobh na hÉireann.
Tá sí pósta leis an údar Ioruach Ingvar Ambjørnsen agus cónaíonn siad in Hamburg. Curtha ar fáil ag Wikipedia
1