David Gilmour
Giotáraí, amhránaí, cumadóir amhrán agus ball den bhanna rac-cheoil Pink Floyd is ea David Jon Gilmour (rugadh 6 Márta 1946). Thosaigh sé mar ghiotáraí agus mar phríomhamhránaí Pink Floyd sa bhliain 1967, go gairid roimh imeacht Syd Barrett.Bhain Pink Floyd clú is cáil idirnáisiúnta amach leis na halbaim choincheapa ''The Dark Side of the Moon'' (1973), ''Wish You Were Here'' (1975), ''Animals'' (1977), ''The Wall'' (1979), agus ''The Final Cut'' (1983).
Faoi na 1980idí luatha, bhí siad ar cheann de na bannaí is mó díol i stair an cheoil; faoi 2012, bhí níos mó ná 250 milliún taifead díolta acu ar fud an domhain, 75 milliún sna Stáit Aontaithe amháin.
Tar éis imeacht Roger Waters sa bhliain 1985, lean Pink Floyd ar aghaidh faoi cheannas Gilmour agus d’eisigh siad trí albam stiúideo eile.
Sa bhliain 1975, vuair a bhí Kate Bush sé bliana déag, thacaigh David Gilmour léi demo a thaifead. Curtha ar fáil ag Wikipedia
1