Melvil Dewey
Rugadh
Melville Louis Kossuth (Melvil) Dewey in Adams Center, Jefferson County,
Nua-Eabhrac. D'fhreastail sé ar Amherst College, áit a raibh sé ina bhall de Delta Capa Eipsealón (craobh Sigme). Bhain sé bunchéim amach sa bhliain 1874 agus fuair sé a mháistreacht ó Amherst sa bhliain 1877.
Bhí Dewey ina
leabharlannaí cúnta ag Amherst ó 1874 go dtí 1876. Sa bhliain 1876, d'fhág sé Amherst agus ar aghaidh leis go
Bostún. Sa tréimhse 1883-1888 ba phríomhleabharlannaí é ag Ollscoil Columbia, agus ó 1888-1906 bhí sé ina stiúrthóir ar
Leabharlann Stáit Nua-Eabhrac (New York State Library).
clé|mion|268x268px
Sa bhliain 1895, bhunaigh Dewey agus a bhean Annie an Lake Placid Club ag
Lake Placid i dtuaisceart stát Nua-Eabhrac. Bhí sé féin agus a mhac Godfrey gníomhach i socrú
Chluichí Oilimpeacha an Gheimhridh, agus bhí sé ina chathaoirleach ar Choiste Oilimpeach an Gheimhridh Stáit Nua-Eabhrac. Sa bhliain 1926, chuaigh sé go
Florida agus bhunaigh sé craobh an deiscirt den Lake Placid Club ansin. Fuair sé bás ag Lake Placid, Florida.
Bhí Dewey ina bhall de 'Halla na Laochra' de chuid Chumann Leabharlann Mheiriceá (American Library Association).
Curtha ar fáil ag Wikipedia