Terence Conran
Dearthóir is fear gnó a rugadh in Esher Shasana ar an 4 Deireadh Fómhair 1931 ba ea Sir Terence Orby Conran. Bhunaigh is bhainistigh sé comhlacht Habitat, inar dhíol sé troscán a dhear sé féin is ábhair eile de dhearadh nua-aoiseach. Scríobh sé leabhair a bhain cáil amach freisin, ina measc ''Terence Conran on Design'' (Terence Conran ar Dearadh, 1996) agus ''The Ultimate House Book'' (An Leabhar Deiridh Tí, 2003). Chaill sé seilbh ar Habitat sa bhliain 2011. Fuair sé bás ar an 12 Meán Fómhair 2020. Curtha ar fáil ag Wikipedia
1