Denis Burkitt

Dochtúir a saolaíodh in Inis Ceithleann ab ea Denis Burkitt (28 Feabhra 1911 - 23 Márta 1993). Agus é ina mháinlia in Uganda, 1947-1964, rinne sé staidéar ar dháileadh na hailse áirithe a dtugtar ''liomfóma Burkitt'' anois uirthi. Galar is ea é a mháchailigh is a mharaigh an-chuid páistí sna tíortha Afracacha meánchiorclacha. Thaispeáin sé gur víreas ar leith, víreas Epstein-Barr, is cúis leis an liomfóma seo. Tá leigheas ar liomfóma Burkitt tríd an víreas sin a chloí. Léirigh sé freisin an ceangal idir galair is cothú. I 1971 chruthaigh sé an dlúthcheangal idir easpa gairbhsí snáithíní sa chothú is ailse na bputóg. Mar thoradh, tháinig réabhlóid i gcúrsaí cothaithe ar fud an Domhain agus feabhas as cuimse ar ár dtuiscint ar cad is cothú folláin ann. Curtha ar fáil ag Wikipedia
Εμφανίζονται 1 - 1 Αποτελέσματα από 1 για την αναζήτηση 'Burkitt, Denis', am an iarratais: 0,01δλ Περιορισμός αποτελεσμάτων
1
le Burkitt, Denis
Foilsithe 1983
Údair Eile: ...Burkitt, Denis...
Leabhar