John Barth

Scríbhneoir iar-nua-aoiseach Meiriceánach is ea John Simmons Barth, a rugadh ar 27 Bealtaine 1930 in Cambridge, Maryland. Tá sé aitheanta mar dhuine de na príomhphearsana ag scríobh meitificsin sna Stáit Aontaithe.

Rinne John Barth staidéar ar feadh tamall sa Scoil Juilliard, scoil cheoil, i gCathair Nua-Eabhrac agus ansin in Ollscoil Johns Hopkins in Baltimore, Maryland. Bhronn an scoil seo céim baitsiléara air sa bhliain 1950 agus céim máistreachta sa bhliain 1951.

Bronnadh an National Book Award air sa bhliain 1973 as an úrscéal sin leis, ''Chimera''. Chaith sé blianta ina ollamh le Béarla, in Pennsylvania State University ó 1953 go 1965, in State University of New York in Buffalo ó 1965 go 1973 agus in Johns Hopkins ó 1973 go 1995. D'éirigh sé as an múinteoireacht sa bhliain 1995. Curtha ar fáil ag Wikipedia
Εμφανίζονται 1 - 2 Αποτελέσματα από 2 για την αναζήτηση 'Barth, John', am an iarratais: 0,04δλ Περιορισμός αποτελεσμάτων
1
le Barth, John
Foilsithe 1999
Údair Eile: ...Barth, John...
Leabhar
2
le Barth, John
Foilsithe 2000
Údair Eile: ...Barth, John...
Leabhar